Denise Marie Logo
 
     Trinidad and Tobago  Swedish  Irish  Italiano  Francais  Deutsch  Espanol  Netherlands  JPN  Portugues 

Beathaisnéis

Roinneann Denise Marie a cuid ama idir an Eoraip agus New Orleans agus í ag casadh ceoil ag féilte agus ag clubanna agus ag taifeadadh céirníní.

Is iomaí stíl cheoil a d’imir ar a stíl féin, ach tugann sí “bayou blues, swampy jazz agus funky folk” ar a stíl phearsanta, agus tá blas an cheoil dhomhanda ar an meascán sin. Casfaidh sí giotár ar bith a bhféadfaidh sí a lámh a leagan air – giotár fuaimiúil nó leictreach, dóbró, nó giotár teanóir – agus í ag méirínteacht na sean-“bhlues” nó ag greadadh, ar ghiotár sleamhnáin agus le tiúnadh oscailte. Canann sí freisin agus í ag casadh “riqq” an mheánoirthir (cnaguirlis).

Is féidir aer meirbh “Chathair an Chorráin Ghealaí” (chomh maith le hatmasféar na mblianta a chaith sí i New Mexico, faoin tuath i stát Nua Eabhrac, and san Eoraip) a bhrath ina glór agus ina hamhráin, amhráin a insíonn scéalta grá, scéalta bróin, agus a bhfuil baint acu go minic le ceisteanna sóisialta. Monabhar na gaoithe, bóithre uaigneacha, agus soilse na gcathracha ó fhuinneog ar an 28ú urlár – tugann siad ar fad leid di agus í ag cumadh amhrán.

Is ceoltóir í óna hóige – ceoltóir aonair ar dtús agus ceoltóir ag casadh ceoil lena bannaí féin ina dhiaidh sin. Bhí sí ina ceoltóir cúnta i mbannaí “raic”, R&B, hiop-hap, agus snagcheoil. Is taifeadadh fuaimiúil go príomha a dlúthdhiosca is deireanaí, ‘Aphrodite and Outlaws’, agus a cairde ceoltóirí i New Orleans ag tacu léi le cnaguirlisí, le dordveighil, le trumpa agus le horgán béil. 


Deir an iris Offbeat Magazine fúithi, “Tógann Marie barra feabhais phearsanta arís eile … lena tírdhreach fuaime, radharc atá bunaithe ar shaol “folky-bluesy-jazzy”. Tháirg sí agus chóirigh sí an ceol don dá mhiondiosca a rinne sí roimhe sin: ‘Blue Tutu’ (2001), a bhfuil a méirínteacht mhealltach ar an ngiotár leictreach le cloisteáil air, agus ‘Open The Door’ (1998), a céad mhiondiosca.

Dúirt an nuachtán Das Solingen Tageblatt, agus é ag tuairisciú faoi cheolchoirm a thug sí san Ghearmáin, “B’ álainn ar fad í ceolchoirm Denise Marie agus í ag canadh lena guth láidir, bog, mín, muirneach agus á thionlacan lena giotár”.

Múinteoireacht
Mhúin Denise Marie ceardlanna sa ghiotár agus i gcumadóireacht amhrán ag Plymouth College i Sasana agus ag “The X” in Oxford Shasana, chomh maith le ceachtanna príobháideacha san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chun ceardlann nó ceachtanna príobháideacha a shocrú, féach an leathanach teagmhála ag an suíomh seo.

Performance Highlights
New Orleans: The New Orleans Jazz And Heritage Festival, The French Quarter Festival, Tipitina’s, The House Of Blues, Snug Harbour
Italy: Stradeblu Festival, Be Bop-
Firenze, Pegaso-Arcola (SP), Arci Locomotiva,Osnago (LE), La Stazione-Urbino
The Netherlands: The Folkwoods Festival, The Haarlem Jazz Festival, Crossroads Radio, The Last Waterhole-Amsterdam, Desafinado
England: The Marlborough Jazz Festival, The Troubadour Club-London, The Twelve Bar Club-London, The Bath Fringe Festival, The Sheep Music Festival-Wales
Belgium: Crossroads Blues Café-Antwerpe, Toogenblik-Brussels
Germany: The Mettman Blues Week, The Music Star-Hamburg, Berlin Guitars-Berlin
Ireland: Roisin Dubh-Galway, The Seamus Ennis Cultural Centre-Naul, Dublin, Richardsons-Galway, The Vartry House-Wicklow, Roddens-Donegal, Mullens-Downpatrick, N.Ireland, Groucho’s Music Lounge-Armagh, N. Ireland
France: Concert In The Square-Uzes
New Mexico: Club West, Summer Scene Concert Series, The Taos Inn, La Fonda, La Posada, El Farol, The Cowgirl Hall Of Fame, Outside In (bringing music into institutions)
New York: The Living Room
Florida: Radio Live! WUWF-Pensacola


Discography
Aphrodite and Outlaws, Little Hummingbird Music 2004
Blue Tutu, Little Hummingbird Music 2001
Open The Door, Little Hummingbird Music 1998

Compilations
New Orleans Tribute to Joni Mitchell Vol 1 & 2

Guest Appearances
Beth Patterson - Hybrid Vigor, Little Blue Men Records
Patrick O’Flaherty-Andrea’s Brown Eyes

     Trinidad and Tobago  Swedish  Irish  Italiano  Francais  Deutsch  Espanol  Netherlands  JPN  Portugues 
©2000-2013 Denise Marie